There were 1,863 press releases posted in the last 24 hours and 398,435 in the last 365 days.

Fógartha ag an Aire Doyle gurb é An Post an chéad ghnó a bheidh páirteach sa Chiste Comhshaoil Coillearnach

Tá sé fógartha ag Andrew Doyle T.D, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, gurb é An Post an chéad chomhlacht a bheidh páirteach i gCiste Comhshaoil Coillearnach (WEF) na Roinne. Is scéim do ghnónna in Éirinn í scéim WEF chun maoiniú i bpáirt a chur ar fáil chun coillearnacha dúchasacha a chruthú in Éirinn trí chomhpháirtíocht a dhéanamh idir úinéirí talún agus an Stát. Is éard atá sa tionscnamh, a bhfuil tacaíocht faighte aige ó An Post, ná suíomh i gCo. na Gaillimhe inar cuireadh thart ar 25,000 crann dhúchasacha darach, fearnóige agus beithe i mbliana (cliceáil anseo chun breathnú ar an bplandáil seo).

Dúirt an tAire Doyle “Tá gnónna in Éirinn ag lorg réiteach d'fhonn gealltanais atá ag méadú maidir leis an timpeallacht, bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht a chomhlíonadh agus tacú le cuspóirí náisiúnta ag an am céanna. Ar ndóigh is é an príomhchuspóir náisiúnta thart ar 250 milliún crann a chur mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais le dul i ngleic le hAthrú Aeráide. Tá spéis níos mó á léiriú i gcoillearnacha dúchasacha nua a chruthú mar gheall ar an leas a bhaineann leo don timpeallacht. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis An Post as tionscadal chomh fiúntach a roghnú chun infheistíocht a dhéanamh ann. Tá ríméad orm a thuairisciú go bhfuil suim i gclár WEF ag méadú agus ag fás go leanúnach ar fud earnálacha gnó.

Is scéim de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara í scéim WEF a bhfuil sé mar aidhm léi líon níos mó coillearnach dúchasach a bhunú a chur chun cinn d'fhonn carbón a ghabháil agus gnáthóga a chruthú atá saibhir ó thaobh bithéagsúlachta de. Tríd an tionscnamh seo, cuirtear ardán comhroinnte ar fáil don Rialtas, don phobal gnó agus d'úinéirí talún chun oibriú le chéile d'fhonn cuidiú le spriocanna plandála atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a bhaint amach. Faoi WEF, is féidir le gnónna baint a bheith acu le coillte dúchasacha faoi leith agus úsáid a bhaint as na buntáistí timpeallachta a bhaineann leis na coillte sin chun a gcuid dintiúir timpeallachta a chur in iúl.

Dúirt an tAire Doyle freisin “Ba mhaith le mo Roinnse fáilte a chur roimh ghnónna a bhfuil spéis acu tacú le coillearnacha dúchasacha a bhunú chuig imeacht eolais ag am bricfeasta i gColáiste na Tríonóide an 28 Samhain 2019. Is deis a bheidh anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi WEF agus an taithí a bhí ag An Post maidir le coillearnach dhúchasach a fhorbairt a fháil amach. Beidh mo Roinnse ar fáil ar an lá chun treoir a thabhairt do chuideachtaí faoi mar is féidir leo páirt a ghlacadh.

Rinne Seán Canney TD, Aire Stáit maidir le Forbairt Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach comhghairdeas le An Post chomh maith as bheith ar an gcéad ghnó chun tacú le coillearnach dhúchasach a bhunú faoi WEF. Dúirt an tAire Canney “Ní fhéadfadh An Post suíomh níos fearr ná an suíomh seo i gContae na Gaillimhe a roghnú don chéad choill WEF. Réiteach cruthaitheach atá i WEF trína gcuideofar le dul i ngleic leis an dá dhúshlán a bhaineann leis an ré seo, an t-athrú aeráide agus laghdú ar an mbithéagsúlacht  agus mholfainn do ghnónna eile in Éirinn smaoineamh air. Bunaíodh an choill seo le cuidiú ó mhaoiniú ó An Post mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Inbhuanaitheachta ‘Post Eco’ atá acu. Go deimhin tá An Post ar cheann de na 12 cheannaire atá roghnaithe ag an Rialtas chun dul chun cinn na hÉireann a stiúradh i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.”

 

CRÍOCH

 

Nótaí

Date Released: 17 October 2019