There were 1,522 press releases posted in the last 24 hours and 412,314 in the last 365 days.

Léiríonn tástálacha ar iarmhair in 2019 go bhfuil an leibhéal comhlíontachta fós an-ard

D'eisigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu torthaí na dtástálacha a rinneadh in 2019 faoin bPlean Náisiúnta um Iarmhair a Rialú (NRCP) agus a léiríonn go bhfuil an leibhéal comhlíontachta fós thar a bheith ard ag 99.69%.  Cuimsítear san NRCP tástáil i leith substaintí a bhfuil toirmeasc orthu, cógais cheadaithe tréidliachta, breiseáin cheadaithe bia ainmhithe agus éilleáin chomhshaoil.

 

Rinneadh 16,911 sampla a thástáil sa bhliain 2019, samplaí a glacadh ar fud an 8 bia-speiceas [1] chomh maith le bainne, uibheacha agus mil.  Glacadh formhór na samplaí de réir na gcritéar atá leagtha amach chun díriú ar ainmhí nó táirgí ar mó dóigh a mbeadh iarmhair mhídhleathacha ag baint leo (sampláil dhírithe).  Ní bhfuarthas aon iarmhair mhídhleathacha i 99.69% de na samplaí a tástáladh agus tá sin ag leanúint leis an treocht atá ann le roinnt blianta, gan aon iarmhair a bheith i dtáirgí bia na hÉireann i gcoitinne.  Tá an leibhéal ard comhlíontachta seo leanúnach ón mbliain 2013 agus fáiltíonn an Roinn roimhe seo mar léiriú ar an gcur chuige freagrach atá glactha ag formhór feirmeoirí. Cuidíonn an mhonatóireacht ar na substaintí seo chun tomhaltóirí agus ainmhithe a chosaint trína chinntiú go bhfuil leibhéal ard comhlíontachta ann le rialacháin ón AE.

 

Ní raibh ach 53 sampla ar an iomlán a bhí neamhchomhlíontach agus bhain formhór díobh sin le hiarmhair ó chógais údaraithe.  Léirigh measúnachtaí baoil a rinne an tÚdarás Sábháilteachta Bia i leith gach toradh neamchomhlíontach nach raibh aon bhaol sábháilteachta bia nach raibh inghlactha ann do thomhaltóirí.  Ní raibh aon ghá aon táirge a ghlaoch ar ais ón mhargadh sna cúinsí sin. Rinne an Roinn imscrúdú feirme eile ina dhiaidh sin ar na torthaí dearfacha sin sa chás is gur measadh go raibh gá le tuilleadh anailíse riosca.

 

Léiríonn torthaí na dtástálacha cuimsitheacha a rinneadh faoin NRCP sa bhliain 2019 agus na himscrúdúcháin ina dhiaidh sin nach raibh aon fhianaise ann gur baineadh úsáid go mídhleathach as hormóin fhás-spreagthacha a bhfuil toirmeasc orthu ná gur tugadh substaintí eile a bhfuil toirmeasc orthu do bhia-ainmhithe in Éirinn. 

 

 

Nóta d'eagarthóirí:

Is cuid thábhachtach de rialuithe bia na hÉireann é an NRCP, atá ceadaithe ag an gCoimisiún Eorpach, agus a chuirtear i bhfeidhm faoi chonradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI).  Is gné amháin de Phlean Náisiúnta Rialaithe foriomlán na Roinne é an NRCP agus a dhíríonn ar bhia de bhunadh ainmhíoch.

 

Tá an Tuarascáil maidir le hIarmhair 2019 le fáil ag:

https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/veterinarymedicinesresidues/residues/nationalresiduecontrolplanreports/

 

[1] Is iad an 8 bia-speiceas bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus gabhair, muca, capaill, éanlaith, géimfheoil shaothraithe, feoil géime fiáine agus dobharshaothrú.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 02 November 2020